Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

AN FHÍS

Is é aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil. Is aidhm ar leith de chuid an Rialtais é a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla. Tá sé ina dhlúthchuid de pholasaí an Rialtais i leith na teanga go ndéanfaí cúram agus soláthar ar leith don teanga sa Ghaeltacht go háirithe i bhfianaise an taighde a léiríonn go bhfuil géarchéim ann maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is é aidhm pholasaí an Rialtais chomh maith:

  • cur le méid na dteaghlach ar fud na tíre a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga chumarsáide laethúil;
  • tacaíocht theangeolaíoch a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge a thugann aitheantas do shainriachtanais na gceantar sin ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh;
  • a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh úsáid na Gaeilge nó an Bhéarla mar rogha ag an saoránach i ndioscúrsa poiblí agus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile go ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus
  • a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht.

Tá an Ghaeilge mar chuid de chultúr agus d’oidhreacht Thuaisceart Éireann agus tá cur chun cinn agus cosaint na teanga ann mar thosaíocht freisin ag an Rialtas.

Aithníonn an Rialtas an buntáiste mór freisin dá gcuid saoránach líofacht Béarla a bheith acu, an teanga is mó úsáide i ngnóthaí idirnáisiúnta. Geallann an Rialtas go gcinnteoidh siad go gcoinneofar an buntáiste seo trí shochaí dhátheangach a fhorbairt ina mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann Gaeilge agus Béarla a úsáid chomh héasca le chéile. Aithníonn an Rialtas chomh maith, áfach, na riachtanais ar leith atá ag an nGaeltacht mar cheantar sainiúil teanga agus sa chomhthéacs sin aithnítear nach i gcónaí a oireann polasaí dátheangach do cheantair Ghaeltachta.

Siúd agus gur príomhfhócas den Straitéis seo seasamh na Gaeilge sa chóras oideachais a neartú, tá an-tábhacht leis an nGaeilge mar theanga bheo a chur ar aghaidh laistigh den teaghlach agus idir na glúine. Is é an cur chuige foriomlán atá againn creat oibre tacúil a chruthú agus deiseanna a chruthú trína bhféadfar an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach nádúrtha laistigh de líonta tí agus de phobail. Tá tábhacht nach beag ag baint leis seo i gcomhthéacs na Gaeltachta.

Braitheann an méid atá i ndán don teanga ar dhaoine a roghnóidh go cinnte leas a bhaint as na deiseanna a chruthóidh an Straitéis seo. Sin é an dúshlán atá amach romhainn ar fad.

CUSPÓIRÍ SONRACHA NA STRAITÉISE

Mar thoradh ar Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, leagadh amach mar mhórsprioc na nithe seo a leanas a mhéadú sna 20 bliain amach romhainn:

  • an líon daoine a mbeidh eolas acu ar an nGaeilge a ardú go 2 mhilliún; agus
  • an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá a ardú go 250,000.

Ba iad na haidhmeanna sonracha agus an Straitéis seo á hullmhú:

  • an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú go 250,000;
  • an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú faoi 25% tríd is tríd, mar beidh borradh a chur faoin nGaeltacht fíorthábhachtach don Straitéis fhoriomlán; agus
  • an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus atá in ann teilifís, raidió agus na meáin chlóite a rochtain tríd an teanga a ardú.

COMHTHÉACS POLASAÍ

Luaitear an méid seo a leanas in airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann:

“Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.”

D’eascair an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge seo as an stádas atá ag an teanga sa Bhunreacht agus tógtar ar Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge a foilsíodh i mí na Nollag 2006. Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus leag sé amach 13 cuspóir ó thaobh polasaí maidir leis sin. Baineann na cuspóirí seo a leanas leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Cuspóir 2: Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur i bhfeidhm.

Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Cuspóir 4: Tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe – 19 Iúil 2013 (WORD)

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe – 19 Iúil 2013 (PDF)

An Roinn Caiteachais Phoiblí Athchóirithe Tuarisic ar Dhul Chun Cinn 2010 to 2015 (WORD)

An Roinn Caiteachais Phoiblí Athchóirithe Tuarisic ar Dhul Chun Cinn 2010 to 2015 (PDF)